Jump to content

Cath Flodden

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataCath Flodden
Cogadh Léig Cambrai

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcath
Dáta9 Meán Fómhair 1513
Comhordanáidí55° 37′ 37″ N, 2° 10′ 31″ O / 55.62693°N,2.1753°W / 55.62693; -2.1753
ÁitBranxton
TírRíocht Shasana
RannpháirtitheRíocht Shasana agus Ríocht na hAlban

Troideadh Cath Flodden ar an 9 Meán Fómhair 1513 le linn Chogadh Léige Cambrai idir Ríocht Shasana agus Ríocht na hAlban. Bhí an bua ag na Sasanaigh. Bhí blár an chatha in Branxton i gcontae Northumberland i dtuaisceart Shasana, agus bhí an Rí Séamas IV i gceannas ar fhórsa ionraidh na nAlbanach agus Thomas Howard, 2ú Diúc Norfolk i gceannas ar arm Shasana.[1] Maidir le huimhreacha na dtrúpaí, ba é an cath ba mhó a troideadh idir an dá ríocht.[2] Maraíodh Séamas IV sa chath, agus ba é an monarc deireanach in Éireann agus an Bhreatain Mhór a fuair bás i gcath.

Thosaigh an choimhlint seo nuair a d'fhógair Séamas IV cogadh ar Shasana chun onóir a thabhairt don Seann-chaidreachas leis an bhFrainc trí trúpaí Shasana an Rí Anraí VIII Shasana a sheoladh ar mhalairt treo óna bhfeachtas i gcoinne rí na Fraince Louis XII. D'oscail Anraí VIII seanchréachtaí freisin trína éileamh gurbh é féin ardtiarna na hAlban, rud a chuir fearg ar hAlbanaigh agus ar Shéamas. Ag an am seo, bhí baint ag Sasana mar bhall den "Léig Chaitliceach" i gCogadh Léige Cambrai - ag cosaint na hIodáile agus an Phápa ó na Francaigh.

  1. "Remembering Flodden | Map of the Battle". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-09-26. Dáta rochtana: 2019-12-12.
  2. "The Seventy Greatest Battles of All Time". Published by Thames & Hudson Ltd. 2005. Edited by Jeremy Black. Pages 95 to 97.ISBN 978-0-500-25125-6.